School: Clún na Gaoithe (roll number 8740)
- Location:
- Cloongee, Co. Mayo
- Teacher: Pádraig Ó Héaráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clún na Gaoithe
- XML Page 328
- XML “Scéal faoi Loch Ciste”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal fá Loch Ciste.Tá loch i measg na gcnoc i gceanntar darb ainm Caiseal. Tá an loch seo tuairim is céad slat treasna agus tá sé an doimhin. De réir na sean daoine tá pota óir ag tón an locha seo. Tugtar Loch Ciste ar an loch seo. Deirtear gurab iad na Tuatha Dé Danann a chuir annsin é agus tá éan mór ghá fhaire. Thug fear as Coill mhór iarracht cun é d'fagháil acht do theip air. Oidhche bhreág amháin cuaidh sé go dtí an loch mar chuala sé na daoine ag rádh i gcomhnuidhe go raibh pota óir ann. Thug sé capall agus slamhra leis. Nuair shroich sé an loch shnámh sé go tón an locha agus fuair sé an pota. Chuir sé ceann de'n slamhra i gcluais an phota agus cheangail sé an ceann eile le bóna an chapaill. Thóg sé an pota aníos ar bhruach an locha. Bhí leac ar an bpota. Bhí sé le dhul abhaile nuair chonnaic sé éan mhór ar bhárr cnuic atá i naice na háite agus dubhairt sé, "Má thugann tú an tór sin leat ní mhairfidh tú i bhfad." Scannruigh sé agus chaith(continues on next page)
- Informant
- Antoine Ó Muireasa
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 89
- Address
- Cuilmore, Co. Mayo