Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)
- Suíomh:
- Ros Dumhach, Co. Mayo
- Múinteoir: Seán Ó Gionnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Dubh
- XML Leathanach 283
- XML “Seán agus an Ciste Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an scioból agus an dara oidhche bhí an brionglóid céadna aige.Air an dara lá chuaidh an Rí ag sean-dall-glic, agus d’inis sé an sgéal dó. Arsan sean-dall-glic ,“má bharhuigheann tusa an gearrán sin ní bhéidh an téinin bhinn ag Seán” Annsin dubhairt an gearrán le Seán “Tá siad ag teacht anois go marbhuigh siad mise acht má bharbhuigeann féin ní bheidh mórán le spáráil acu sa deireadh”. “Seo dhuit an buidéal seo agus nuair a gheibheas tú imithigh iad inéis mise a mharbh cuimil an rud atá sa mbuidéal seo dhom agus beidh mé chomh maith agus a bhí mé ariamh. Annsin thainig na daoine a bhí le teacht agus marbhuigheadh an gearrán.Nuair a dimtigh siad cuimil Seán an rud a bhí sa mbuidéal de’n ghearrán agus bhí sé chomh maith agus a bhí sé ariamh. An oidhche céadhna sin rinne Seán an brionglóid céadhna agus a rinne sé na hoidhcheannta roimhe sin. “Anois” arsan gearrán (nuair a tháinig maidin an lae athuair) tá an Rí i bfollach i bhfáinne a dhara inghean, agus is doiligh leat é fhághail. D’imthigh Seán annsin isteach i gcaisleán an Rí agus bhain sé an fáinne de’n chailín agus chaith sé isteach sa teine é(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ni Graith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Maire Bean Ui Ghraith
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mayo