Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)
- Suíomh:
- Ros Dumhach, Co. Mayo
- Múinteoir: Seán Ó Gionnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhíodh sé i gcuid eile.An Biadh a bhíodh ag na daoine fadóBa é an sórt biadh a bhíodh ag na daoine fadó ná feóil ainmhidhthe fíadháin. Nuair a bhainfeadh siad an craiceann de na hainmhidhthe fíadháin. Nuair a bhainfeadh siad an craiceann de na hainmhidhthe dheineadh na daoine éadach díobh. Ba é an tuisge a bhíodh acu le nól, agus nuair a bhíodh siad ag déanamh tighe is in aice le sruthán a dhéanfadh siad é, sa gcaoi go mbeadh an tuisge in aice leó.
- Leigheasanna ar Ghalair1) Sé an leigheas atá ar trioch ná trí ruibe de ghruaig páiste nach bfhaca a athair ariamh a chur thart ar mhuineál an té do bhfuil an trioch air.2) Deirtear go bhfuil leigheas ar gach rud i lámh an seachtmhadh mac de chlann.3) Sé an leigheas atá ar daigheacha fiacail ná frog a choimilt taobh istigh
ar an fiacail.4) Deirtear go bhfuil leigheas ar gach rud i lámh marbh.5) Sé an leigheas atá ar bhritíneach ná an té go bhfuil an britíneach air a dhul trí huaire fé bholg asail. Deirtear gur leigheas eile ar bhritíneach na baine asail a ól.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Graith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Tomas O Corcoráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mayo