School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Antoine Ó Donnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seanchus Sgéalta Sidheogach
Tá ráithíní i d'túrglash agus tá go leor scéalta ag baint leo. Chualaidh mé sean bhean dhá rádh go raibh bean ann uair amháin agus go raibh sí ag dul go Béal an Muirthead lá. Casadh an sagart Paráiste léi, agus nuair a bhí sé ag dul in-aice leis an ráitín chuir sé ón gcarr síos ar an mbóthar.
Nuair a chonnaic an bhean é ar an mbóthar, dubhairt sí "Dís línn". D'éirigh an sagart chuaid sé isteach sa gcárr arís agus d'imigh sé leis ar a bhealach. Nuair a bhí an sagart imthigthe, tháinig cúpla fir amach as an ráithín agus thóg said an bhean isteach leo.
Níor leig siad amach í go dtí tráthnóna. Agus deirtear nuair a tháinig sí amach nach raibh aici ach súil amháin agus bhí a ciall beag nach caillte aici.
(2)
Bhí mo shean athar Mánus Ó Seibhleáin ag teacht abhaile leis no bo oidhche amháin. Bhí sé ag dul thar ráithín leo. Nuair a tháinig sé(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Seibhleáin
- Gender
- Female
- Address
- An Tuar Glas, Co. Mayo
- Informant
- Micheál Ó Seibhleáin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- An Tuar Glas, Co. Mayo