School: Ballycastle Boys' (roll number 14290)

Location:
Ballycastle, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0140, Page 077

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0140, Page 077

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballycastle Boys'
  2. XML Page 077
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá mé in mo chomhnuidhe í mBaile an Chlais. Tá dhá tobair beannuighthe thar na h-áite. Ceann i bpáirc Mhic an Chluig i nDún Aoinigh agus ceann eile i bpáirc ó hEimhirín. Téigheann na daoine go na toibreacha sin ar an cúigmhadh lá deug de mí Lúghnasa agus arís ar an t-ochtmhad lá de mí Nodhlag. Ní féidir lé aoinne na toibreacha sin a glanadh acht fear dá muinntir Túathbhaill. Lá amháin do ghlan fear ecint an tobar sin agus níor ceart dó agus an maidín lá ar na mhárach bhí an créafóg uilig istig ins an tobar arís. Fuair an tobar sin a ainm ó Naom a bhí annsin darb ainm Naomh Gáibrial. Leighseadh fear darbh ainm Ó Dochartaigh as Gleann Iolra. Lá amháin bhí sé inaice an tobair sin agus chonnaic sé Aingeal ina shuidhe inaice an tobair. Chuaidh sé chomh fada leis agus bhí bataí aige agus guidh sé agus nuair a thoisigh sé ag siúbhal bhí sé indhann siúbhal gan bataí.
    Nuair a deantar turas ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Praodháil
    Gender
    Male
    Address
    Ballyglass, Co. Mayo
    Informant
    Máire Bean Ó Praodháil
    Gender
    Female
    Age
    58
    Address
    Ballyglass, Co. Mayo