School: An Ghráinseach, Eóchaill
- Location:
- Grange, Co. Waterford
- Teacher: Deaglán Ó Cuilliú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Page 372
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)suain mar sin ionnach d'fhanfá id codladh ar feadh seachtaine.
Rith sí timpeall do na comharsan ansan agus dúirt sí leo go raibh a fear bocht tar éis bháis. Shocruigheadh suas é agus deineadh é thórramh. Bhí dhá oíche thórraimh air agus na comharsan go léir bailithe dun tórramh.
Tháinigh lá na sochraide. Bhí an t-sochraid imithe nuair a tháinigh bean an bheidhleadóra isteach ina thig féin. Bhí an bheidhleadóir ina codladh.
"Ansan atá tú" arsa sí leis "agus an táilliúr bocht á chur"
"Seadh, an táilliúr!" arsa sé.
"Seadh, an táilliúr" arsa sí. "Ba chinnte dhuit éirí as san" arsa sí "agus mairseál an bháis a d'imirt dó".
"Fan go gcuirfidh mé mo chuid éadaigh orm" arsa sé.
"Tá tú alright" arsa sí. "Chorraig ort go mear nó beidh an t-sochraid imithe ort".
Rug sí in áirde ar chúl air agus streach sí amach as an leaba é agus dúirt sí leis cur de.
Rug sé ar a bheidhlín agus gan air acha léine agus chuir sé dhe. Ní raibh sé i bhfad go raibh sé a teacht suas leis an socgraid.
Nuair a chonaic luach na sochraide é leagadar an coifín anuas ar claidhe an bhóthair agus theicheadar.
Nuair a tháinigh an bheidhleadóir suas suidh sé ar a'(continues on next page)- Informant
- Micheal Ó Bruadair
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Address
- Ardmore, Co. Waterford