School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 373

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 373

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 373
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    gcoifín agus d'imir sé Máirseál an Bháis.
    Ní raibh sé ró-fhada san imirt gur d'airigh sé rud éigint ag corraigh istigh sa choifín. Leag sé uaidh an bheidhlín agus chuir sé cluais air féin. D'airigh sé an fothram arís.
    "An tú Séamus?" arsa sé. Séamus a bhí ar a táilliúr thár agat.
    "Is mé cheana" arsan táilliúr. "Oscail an rud seo agus scaoil amach mé".
    Bhain sé an clár den gcoifín agus phreab an táilliúr amach.
    "Sin é mar a dhein ár gcuid ban linn" arsa sé nuair a d'airigh sé an scéal.
    Aibíd a bhí ar an dtáilliúr agus léine a bhí ar an bheidhleadóir agus bhíodar fuar go maith um an dtaca sa agus theicheadar abhaile.
    Bhí an gréasaí agus a bhean ag dul chun Aifreann an Domhnach a bhí na gceann agus bhí cuid des na comharsan ina fhochair. Bhí linn mór uisce ar thaogh na bhóthair agus caith bean an gréasaí í féin isteach inti. Rug mná na gcomharsain uirthi agus screacadar amach as an linn í. Bhí sí mar a bheadh bean go mbeadh a meabhair caillte aici. Bhí sí ag iarraidh í féin a chaitheamh insteach sa linn arís gan baochar dóibh.
    D'fhiafruigheadar di an raibh rud chun aon mhaith a dhéanadh di.
    Dúirt sí go raibh. An gréasaí a bhaint ga'haon
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1406: The Merry Wives Wager
    Language
    Irish
    Informant
    Micheal Ó Bruadair
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    c. 60
    Address
    Ardmore, Co. Waterford