School: An Ghráinseach, Eóchaill
- Location:
- Grange, Co. Waterford
- Teacher: Deaglán Ó Cuilliú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Page 466
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus téigh sé ag imirt cártaí gach aon oíche.
An oíche seo bhí sé ana-dhéanach nuair a bhí sé ag teacht abhaile agus chuaidh sé treasna na páirce. Chonaic sé sprid mhór ag dul timpeall na páirce. Tháinigh an-eagla air agus rith sé abhaile comh mear agus a bhí aige.
An oíche sin fuair a mháthair bás. Níor chuaidh an fear ag imirt cártaí riamh ina dhiaidh sin. - Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta. Oíche amháin shuí sé féin agus a bhean cois tine. I lár na hoíche d'oscail an doras agus tháinigh madra mór dubh isteach agus ní rabhadar ábalta é a chur amach. Bhíodh sé mar a chéile gach aon oíche.
Téigheadh an fear agus a bhean a codladh luath gach aon oíche as san amach mar bhí a fhios aca gurbh é an diabhail a bhíodh ag teacht isteach gach aon oíche. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Collector
- Peig Ní Chuilliú
- Gender
- Male
- Informant
- Tomás Treó
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Grange, Co. Waterford