Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 466
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus téigh sé ag imirt cártaí gach aon oíche.
An oíche seo bhí sé ana-dhéanach nuair a bhí sé ag teacht abhaile agus chuaidh sé treasna na páirce. Chonaic sé sprid mhór ag dul timpeall na páirce. Tháinigh an-eagla air agus rith sé abhaile comh mear agus a bhí aige.
An oíche sin fuair a mháthair bás. Níor chuaidh an fear ag imirt cártaí riamh ina dhiaidh sin. - Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta. Oíche amháin shuí sé féin agus a bhean cois tine. I lár na hoíche d'oscail an doras agus tháinigh madra mór dubh isteach agus ní rabhadar ábalta é a chur amach. Bhíodh sé mar a chéile gach aon oíche.
Téigheadh an fear agus a bhean a codladh luath gach aon oíche as san amach mar bhí a fhios aca gurbh é an diabhail a bhíodh ag teacht isteach gach aon oíche. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Peig Ní Chuilliú
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tomás Treó
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge