School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 236

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 236

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 236
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí fear ann fad ó shoin agus ní rabh aige acht é féin agus a bhean. Bhíodh sé i gcomhnuidhe ag deanamh poitin.

    Bhí fear ann fad ó shoin agus ní rabh aige acht é fhéin agus a bhean. Bhíodh siad i gcomhnuidhe ag deanamh poitin.
    Lá amhain tháinig na gardaí go dtí an teach agus níor mothuigh siad go rabh siad ag an teach. Bhí siad ag deanamh an poitin i lár an urláir. Dubhairt na gardaí nach rabh an ceart acú sin a deanamh agus gan é a dheanamh níos mo. No go dtiocfadh siad arís lá eile roimh ibhfadh.
    Ní dheanamh siad é go ceann míosa no níos mo na sin. Shaoil siad annsin go rabh siad reidh leobhta agus thoisigh siad ghá deanamh arais.
    Ni rabh siad a dheanamh acht cupla lá nuair a chualaidh siad an sgairt ag an doras oidhche amháin agus iad ag deanamh an poitin sa teach.
    Tá na gardaí agam arais ar seisean leis féin. (Táininig) Táinig na gardaí isteach agus bhí fearg mór órtha. Dubhairt fear a toighe go rabh sé iongantach bhuadhartha acht nar dearn sé deor de go dtí sin ón uair deireannach a bhí siad thart. Mar sin de arsa na gardaí bhéarfaidh mé seangs eile duit agus an chead uair eile a teífidh no a cluinfidh mé go bhfuil tú ghá dheanamh cuirfidh mé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghóill
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Cnoc an Cheo, Co. Donegal