School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 239

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 239

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 239
  3. XML “Ainmhithe Allta san Áit seo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá ainmhidhe fá’n áit seo ar a dtugtar easóg uirthí. Ainmidhe an bheag iseach í. Tá sí an mhaith ag cur ruaig ar na luchogaibh, agus áit ar bith a mbíonn siad marbhuigheann sí gach ceann aca.
    Bíonn dath donn uirthí. Creid na sean-daoine fado shoin dá ndeanfa rud ar bith ar ceann amhain aca go gcruinneochadh sgaifte aca agus go ngearrfad do sgeadamáin. Itheann an easóg éanacha agus luchoga agus ólann i í uisce. Bíonn cuid aca na gcomhnuidhe i gclaidhe agus bíonn cuid eile aca i gcruaich coirce. Deirtear nuair a mbíonn ceann amhain aca marbh go mbíonn tórramh mór ag an cuid eile uirthí. Siubhlann ceann amhain i dtoiseach an cuid eile agus an corp leith i na béal, agus bíonn suas le céad aca ag siubhail i líne i na diaidh.
    Tá ainmhidhe eile ann ar a dtugtar an madadh uisce. Tá dath dubh air agus tá na cosa atá air an ghoirid. Tá cluasa móra fada air agus iad ag tuitim anuas le taobh na leicneach. Tá ruball an fada caol air, agus tá fiacla móra géara aige. Itheann sé éanacha agus uibheacha agus áirnidhe agus iasg.
    Nuair a bhíonn sé ag ithe bíonn a shúile druidthe teann aige agus bíonn siad druidthe aige go mbíonn sé críochnuigh ag ithe. Nuair a cluineann sé torman ar bith ag teacht fágann sé an rud atá aige ar an talamh agus is go bráthach leis fhad leis an uisge.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Language
    Irish
    Collector
    Cait Ní hÉigheartaigh
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    An Chruach Bheag, Co. Donegal