School: Cill Chartha
- Location:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Teacher: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chartha
- XML Page 262
- XML “Baile an Droichid”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá an sean ceann in úsaid anois mar halla ag bhunadh 'n pharraiste agus is ann a bhfuil ranga ag lucht fóghlamha ceárdachais. Tógadh an ceann seo sa bhliadhain 1829.
Tá 'n teach scoile ar árdan os cionn a bhaile óir a dtugann siad an Bhlagóid uirthi, siocair nár fhás an féar ariamh trom ann. Scoil úr atá innti, tógadh í i 1914. Bhí sean teach na scoile ar thaobh do láimhe deise agus tú ag dul ó Bhaile 'n Droichid 'un na Carraige giota beag amach ón bhaile. Tógadh an ceann sin i mbliadhain 1834. Scoil Caonacháin a tuadh oirthi.
Ins an bhaile tá Oifig an Phósta, cúig toighthe táibhirne, seacht siopai, agus ag an taobh siar den droichead ag bun na sráide teach in a bhfuiltear ag fighdeóireacht.
Bhí an baile seo an chéad uair suidhte ag bárr an Phurtaigh Mhóir áit a bhfuil luirg na sean toighthe le feiceail go fóil, ach fa tuairimis dhá chéad bliadain ó shoin d'athruigh muinntear an bhaile síos go dtí 'n ísleacht ag súil go mbeadh sé níos seascaire annsin.
Níl duine ins an bhaile anois atá os cionn ceithre scór bliadhin d'aois ach beirt ban. Labhairtear Gaedhilg agus Béarla sa bhaile.
Bhí árus ag na sean peelers annseo go dtí an bliadain 1904. Tugadh ar shiubhal an bhliadhain(continues on next page)- Informant
- Paddy Neillí
- Other names
- Paddy Neillí (local name)
- Paddy Ua Gallcobhair
- Gender
- Male
- Age
- 86