School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 1

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 1

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 1
  3. XML “An Spáinneach i bhFár Rónach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fad ó shoin i n-am na dlighthe pianamhla agus ar feadh tamhaill maith in a dhiaidh sin bhiodh ag na saghairt le dul a áit go háit idir na ndaoine i ngnaithe spioradalta.
    Ní rabh sagart ar bith ‘san áit seo, agus an sagart ba chomhgairigh. Bhí sé i na chomhnuidhe i mbaile an Drochicid (Cill Chartha) Ni rabh bealaigh móra san am sin mar tá anois agus is ag marcuigheacht ar Dhruim Capaill a theidheadh na saghairt ó áit go háit.
    Badh ghnathach daobhtha nuair a bhí “Stations” le bheith acu i dteach ar bith, a theacht an oidhche roimh ré agus Fanacht ann-bfeidir dhá oidhche go minic. Bhíodh an cléireach i gcomhnuidhe leis an sagart fosta.
    Uair amhain bhí sagart i Málainn Béag an oidhche roimh na staisiún. Sagart Mach Giolla Cearr an t-ainm a bhí air. I lar na hoidhche thainig an scairt ar an tSagart. Nuair a mhusgail sé shaoil sé gur ag [briongiodig]? a bhí sé. Dfan sé ina luighe ar feadh tamaill agus chualaidh sé an sgairt an dara h-uair taobh amuigh de fhuinneóg an t-seomra ina rabh sé na luighe. hIarradh air éirigh agus dul go Fár-Rónach. (seo cladach faoi shléibh a liag).
    D’éirigh sé agus mhusgail sé a chléireach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraic Ó Beirn
    Gender
    Male
    Age
    74
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Málainn Bhig, Co. Donegal