School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhálainn Bheag
- XML Page 93
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá tobar beannuithe amuigh ar oilean Rachlann Ua Beirne - trí mhile amach ón bhaile seo - Mhálainnbheag. Tá turas ag baint leis fosta. Naomh Aodh Mhic Bricne atá ainmnigh leis. Deir an sean bhunadh gur théith an Naomh seo ó Cill Manntan. Rinne sé coir éigin 'san Mhainnstear agus cuireadh an ruaig air. Thainig sé go dtí oilean Rachlanna Uí Beirn le 'na pionnús a chuir isteach. Tá turus annsin a rinne sé agus téidheann daoine isteach 'un oileain a shiúbhal an turais. Tá dochas mór ag daoine na h-aite in uisge an tobair seo. Bheireann siad amach an t-uisce agus ólann daoine tinne é. Tá leac ag an turas a bhfuil poll ann. Congbhuigheann an poll seo uisce agus tugann siad "uisce súil" air. Leigheasann sé súla nimhneach.Deirtear gur fhan an Naomh seal bliadhnta ar an oilean, agus nuair a bhí sé dá fhagail go rabh cúmhaidh air nó an bealach a chuaidh sé amach an cnoc tá áit annsina bheirtear "An Glaic" air agus nuair a bhí sé ag cailleadh amharc an oileáin tionntuigh sé thart leis an amharc deirinneach a fhághail air agus thuit na deóra le na suilibh. Bhris tobar amach 'san áit ar thuit na deóra, agus Samhradh nó Geimhreadh níor thirmuigh an tobar ariamh. Níl an tobar acht fad agus leathad dhá bhróig. Chuaidh an Naomh giota eile agus sroich se Sliabh a Liag. Tá tobar beannuithe eile annsin, agus bheirtear Turas Aoidh Mhic Bricne ar an turas atá ann. Siúbhalann daoine an turas seo fosta agus dochas(continues on next page)
- Informant
- Máire Ní Bheirn
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Address
- Málainn Bhig, Co. Donegal