School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 44

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 44

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 44
  3. XML “Na Trí Gaiscíoch”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí Rí ins an Domhan Thoir agus nuair a bhí sé cúig bliadhan as fiche de aois phóg sé agus nuair a bhí se bliadhain posta rugadh páisde fir dó. Bá é an t-adhbar fir ba doighmheala agus bá bhréaighte, a chonnaicheas ariamh, acht go rabh sé rud beag dorcha ‘sa chroiceann. Nuair a bhí sé leith-bhliadhain de aois fuair a mhathair bás agus d’fág sin an Rí bocht leis féin go brónach. Chonnaic sé nach bhfuigheadh sé ar aghaidh gan bean eile a phosadh, agus rinne sé sin. Nuair a bhí an mac dhá bhliadhain déag de aois rugadh cúpla mac do’n athair, agus bhí siad comh cosamhail le cheile go mbéigean do beilt dhubh a chuir ar fhear aca agus beilt dhearg ar an fhear eile.
    Chonnaic an mhathair go rabh an t-athair níos tógtha leis an chead mac nó leis an bheirt eile. Thainig an éad oirthí, agus dár leithe gur bhfearr fághail réidhtighe leis an chead mhac. Cuir sí fá choinne Cailleach na gCearc le n’a comairle a fhághail. Thainig sí agus thug an comhairle seo dí – d’iarr sí oirthí dul a luighe agus leigean oirthí go rabh sí tinn, agus nuair a thiocfadh an Rí ag amharch oirthí innse dó nach rabh dadaidh ar an domhain a léigheasadh í acht a mhac a chuir ar shiubhal ó’n teach. Smaoitigh an Rí go rabh sé an chruaidh aige a mhac a dhíbirt, acht nuair a cualaidh sé go rabh sé le bás a mhnaoí a thabhairt, b’éigean dó é a chuir ar shiubhal.
    Nuair a chonnaic a bhean go bhfuair sí a athchuinge bhí sé go h-an pléisiura air, acht nuair a bhí a dhá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Cathal Ó Cuinneagáin
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    Málainn Mhóir, Co. Donegal