School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 37

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 37

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 37
  3. XML “Scéal na bhFathach agus Cloich Uí Bheirn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fathach ins an áit seo fad o shoin agus ba de na Beirnigh é. Thainig fathach eile trasná as Sligeach le troid a chuir air. Chuaidh an bheirt a throid I n-áit a dtugann siad Fár Chuirrín air – ar bruach an Aillt.
    Thóg an Beirneach cloch mhór agus chaith sé indhiadh an fathaigh eile é síos an aill. Stad an chloch ag bun an aill, agus tá sé ina shuidhe I mullaigh cloiche eile. Tá an chloch seo céadtai de tonnaí ar meadhcain. Bheirtear “lug chloich Uí Bheirn” ar an áit ar bhain an fathach an chloch as ón lá sin go dtí an lá indiú, agus “Cloic Uí Bheirn” ar an chloich mhóir atá ‘na suidhe I mullaigh na cloiche (carraice) eile ar an chladach. Shaoilfeá le h-amharc ar an chloich go dtuitfeadh sí-an doigh a bhfuil sí na shuidhe mar bheadh “crannda bugadaigh”.
    Tá tobar fíor-uisge ins an charraic – faoín chloich mhóir seo agus deirtear nach dtiormuigheann sé Samhradh na Geimhreadh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraic Ó Beirn
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Málainn Bhig, Co. Donegal