School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 15

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 15

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 15
  3. XML “Screig a Chuaillidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá screig thuas i mbarr ghlinn Mhálanna a dtugtar Screig a Chuallaidh oirthi. Bhí fear ina chomhnuidhe ag Bun na Screige a dtugadh siad Eoghainín na Screige air. Ní rabh ag Eoghainín acht aon bhó amhain. Lá amhain nuair a bhí an bhó seo ag ithe thuas ar bharr na Screige thuit sí leis an screig agus marbhadh í. D’feann Eoghainín í agus shaill í i dtuban i gcúl a toighe.
    Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Lá amhain indiaidh sin bhí Eoghainín indhiaidh caorach. Bhí ceo trom ann, acht nuair a bhí sé ag tarraingt ar an bhaile, goide tcí sé ag ingilt ag bun na screige acht an bhó bhán a chaill sé. Reath sé go tapaidh agus go díreach nuair a bhí sé ag teacht comhgarach dí isteach leithí sa screig agus fuair Eoghainín greim rubaill oirthi agus tharraing sí isteach ‘sa screig é.
    Nuair a chuaidh sé isteach annsin bhí seomra galanta ann, agus sean-duine ina shuidhe chois na teineadh. “Goide do gnaithe annso” arsan fear. “Tá mé ag iarraidh mo bhó” arsa Eoghainín. “Gheobhaidh tu do bhó” arsa an fear nuair a bhéirfeas tusa arais mo ghair mathair atá saillte ‘sa tuban i gcúl a toighe agat”. Nuair a cualaidh Eoghainín seo
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Málainn Bhig, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Cannain
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Málainn Bhig, Co. Donegal