School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 6

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 6

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 6
  3. XML “An Fear Beag Tarnochta a Bhí ag Bualadh an Choirce”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an am fadó shochruigh duine de lucht leanmhana an dara Riogh Sheámuis i Málainnmóir. ‘Hamilton’ an [sloinnea]? a bhí air. Fan am atá me ag dul a innse an scéil seo ní rabh sa teach acht ‘Hamilton’ agus a bhean céile. Bhí teach cionn tuigheadh acu ar thaobh amháin de’n bhealaigh mhóir ( an teach a rabh siad na gcomhnaidhe ann) agus bhí boitheach mór agus sciobal os a cheann ar an taobh eile os cionne an toighe.
    Tráthnóna geimhridh amhain bhí Hamilton ag dul suas dréimire na sciobal le dul a buaileadh coirce do na buaibh. Bhris rung sa dreimire. Thuit sé agus briseadh cnamh a slinneana. Chuala a bhean an truisneach agus rith sí amach agus fuair sí é na luighe i gcnap laige ag bun an dreimire. Scairt sí ar duine de na comhursac aibh agus d’iomcar siad isteach na toighe é. Thainic fear tuigseach isteach agus coiruighadh an slinneán agus cuireadh na luighe é.
    An oidhche sin bhí siad ag cainnt eatorra fhéin goide dheánfadh siad nuair nach rabh duine ar bith acu an choirce a bhualadh agus ní rabh sí féin ábulta sin a dheánamh. Le sin chualaidh siad an tarman beag amuigh ins an sciobal mar bhéadh. Duine eighinteacht ag bualadh coirce. D’eist siad tamall beag agus bhí fíos aca nach bréag a bhí ann. Bhí barraidheacht eagla ar bhean Hamilton a dul amach an oidhche sin ag amharc go goide bhí ann, acht go luath lathair na bharach bhí sí amuigh agus nuair a chuaidh sí ‘na sciobail fuair sí go leor
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Anna Morra
    Gender
    Female
    Age
    75
    Address
    Málainn Mhóir, Co. Donegal