School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear darbh ainm Maghnus Ua gFionnlaigh ag teacht abhaile as na Cealla Beaga trathnóna amhain fá thuairm ceithre scór bhliadhan o shoin. Nuair a bhí Maghnus fá thuairim míle go leith amach as an bhaile mhór fuair sé suas le píobaire ar an bhealach mór. Fear beag fionn ruadh a bhí sá phíobaire agus cumadh macanta air. Chuaidh an bheirt ‘un cainnte. D’fiafruigh an píobaire do Mhaghnus an rabh i bfhad aige le dul. Dubhairt sé go rabh fíche míle aihe le dul.”Tá agam le dul rith an bhealaigh isteach ho Málainnbeag” arsa Maghnus. “I mbíonn moran greinn agus spórt istoigh annsin” arsan píobaire ruadh. “Tá an baile lán t-aos óg ar an bhomaite” arsa Maghnus “nó tá bádaí Theidhlinn abhos ag iasgaireacht sgadan” agus ba choir dhuit siubhail liom isreach” arsa seisean.
“Rachaidh mé leat agus fáilte” arsa’n píobaire. Thainig sé le Maghnus rith an bhealaigh, agus nuair a chualaidh na buachaillí óga agus na cailíní fa’n phíobaire chruinnigh gach eile dhuine beag agus mór toigh Mhaghnuis ‘san oidhche. Thosuigh an píobaire ag semim agus thosuigh an damhsa ag an t-aos óg.
Cuireadh thart bearad agus cruinniughadh airgead do’n píobaire, acht i lar an ghrinn agus an spórt reath stócach de chuid an bhaile isteach agus dubhairt go rabh bád de bathad ar an Tráigh.
D’fág gach eile dhuine síos siar an greann agus reath síos ‘un na h-Uaige. Fágadh an teach bán(continues on next page)- Informant
- Seaghan Ua g Fionnalaigh
- Gender
- Male
- Age
- 93
- Address
- Málainn Bhig, Co. Donegal