School: Oileán Toraighe (roll number 5164)

Location:
Toraigh, Co. Donegal
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 322

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 322

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Oileán Toraighe
  2. XML Page 322
  3. XML “Scéal fá Iníon an Rí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí rígh ann uair amhain agus bhí inghean aige agus dubhairt sí nach bposfhadh sí fear a bith acht an fear a bhéadh ábalta an choillidh a leagan. D'fhéach achan fhear leis an choillidh a leagan agus sháruigh sé ortha. Bhí fear ann agus bhí triúr mac aige agus d'iarr sé ar an fhear a bá shine a dhul go bhfeicfeadh sé. Chuaidh, acht sháruigh sé air. Annsin chuaidh an dara mac agus sháruigh sé air. Bhí an tríomhadh mac breoite agus dubhairt sé go rachadh sé féin agus chuaidh an mhuinntir eile a mhagadh air agus thug a athar lón dó agus thug sé buideál fíona dó agus d'imthigh leis, nuair a bhí sé ag tarraingt ar an choillidh casadh fear beag air agus cóta glas agus bearrad dearg air, agus dubhairt sé leis dá mbeadh dhath ar bith de fhuighealach aige é a thabhairt dó-san. Chan sin mar bhéas arsa an fear eile acht bheirfidh mé a leath duit. Shuidh an bheirt agus dith siad an t-iomlán.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Éamonn Ó Dochartaigh
    Gender
    Male