School: Oileán Toraighe (roll number 5164)

Location:
Toraigh, Co. Donegal
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 331

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 331

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Oileán Toraighe
  2. XML Page 331
  3. XML “Amhrán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Amhrán

    Tráthnóna Domhnaigh ar cois na haibhne

    Amhrán
    I
    Tráthnóna Domhnaigh ar cois na haibhne
    Ag bun páirc féarach agus mé mo shuidhe
    Thainic cailín doigheamhail anall im aice
    Agus í ag caoineadh mar bhéadh bean sidhe.
    II
    Labhar mé léithe go caomhamhail ceannsa
    Caidé tá cearr leat a mhíle stóir
    Labhar sí liom i ndroch Bhearla briste
    Níl gaedhilg agam a dhuine chóir.
    III
    Tá buachaill óg a dtug mé grádh dó
    Agus gheall mé pósadh gidh fada go dtí
    Acht thréig sé mé anois le tamall
    Agus d'fhág sé annseo mé ag briseadh croidhe.
    IV
    Chuir mé i gcéill dó le tamall fada
    Bheith ag foghluim Gaedhilg go luath 's go mall.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Éamonn Ní Dochartaigh
    Gender
    Male