School: Oileán Toraighe (roll number 5164)

Location:
Toraigh, Co. Donegal
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 323

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 323

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Oileán Toraighe
  2. XML Page 323
  3. XML “Scéal fá Iníon an Rí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí an ghrian ag dul síos agus dubhairt an fear seo go rabh sé chomh maith aige dhul na bhaile, agus d'iarr an fear beag air a dhul agus an choillidh a bhaint. D'imthigh sé agus tharraing sé an tuath agus leag sé crann amháin, achan bhuille dá mbualadh sé ar chrann thuiteadh sé agus thuiteadh beirt eile le na chois sin. Leag sé an choillidh uilig. Chuaidh sé go dtí inghean an rígh agus dubhairt sé gur leag sé an choillidh. Dubhairt sí annsin nach rabh dúil aici ann, agus dubhairt sí annsin fear ar bith a bhualadh droma san aer, gur é sin a fear, d'imthigh an fear seo arais agus casadh an fear beag arais air, agus d'innis sé dó cé mar bhí, agus dubhairt an fear beag leis go rabh sean leabaidh caithte ins an díog sin thuas arsa seisean leis agus tabhair leat í agus gabh isteach ann agus tabhair leat sean cheithil agus dhá chipín agus suidh ins an leabaidh agus buail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Éamonn Ó Dochartaigh
    Gender
    Male