Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 145
- XML “Dilín na mBacach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ormsa a deirfeadh nach rabh bainne ag ba seasga, teach sópach, sifíneach, suarach aici, an deór a ba chóir tuitim ag an doras i gceart lár an urláir, bhuailfinn buille de'n chliteóir, de'n bhliteóir, de'n sgafóg chrainn a bheadh ann mo láimh uirthí a bhainfeadh siubhal aistí, a chuirfeadh í ar lorg an ime bhuidhe atá gcúl a tighe a' gabháil do shúile ag iarraidh ithe.
Éirigh suas agus nar cruadhaighidh an diabhal nó an doras do chroidhe, nar dtugaighidh sé uait fear a' tighe mar thug an préachán an t-éan fadó ó'n chirc bhuidhe, cuir chugam beagan de'n bheagan, mórán de'n mhórán, tachta na muice móire, de'n ghruth bhuidhe, deagh-mheadar leamhnachta, urchar spóil de ucht na caorach, ribe Muire de'n olann, fad duine de'n tobaca agus ma rinne mise dearmad, tabhair fhéin leat é.
Cailín a bhí ann fad ó shoin a dtug mise searc agus síor-ghrádh dí- mar bhí mí-fhortún ormsa. Lean mise dithe go h-íseal agus go h-árd, fríd bhailte beaga agus bhailte móra, go Canada agus go Granárd, go tobar beannuigh Bhríghde, go tigh Philib an Chaibín cham, go Connachta na gcaorach, go Cranóg, go teach an dorais i Muileann Ceárr agus ó sin go Cruach Phádraig. Bhí deireadh mo chuid costais raithte annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Brighid Nic a' Seachlainn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Chonaill, Co. Donegal