Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 167
- XML “Ceol Loch Oidhe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ceol Loch' Oidhe.Sean-fhocal a chuala mé agus chreidfeas mé i gcomhnuidhe,
Gach aon ariamh mar a oiltear é a's an fhuiseóg ins an mhónaidh;
Cé bith tír a rachaidh mise ná a mbéidh mé ann mo chomhnuidhe,
Béidh mo chroidhe ag bruach Loch' Oidhe 'stigh i lár na sléibhte móra.Tá dhá oileán ar an loch bheag seo comh deas a's tá in Éirinn,
Tá an loch 's an ghé a's nead acu faoi thom-bhláth ghorm fraochlaigh,
Go mbfearr liom bheith ag iasgaireacht breac geal uirthí sa tséasúr,
Ná bheith i gcaisleán thall i Sasain ag na h-uaisle uilig ar féasta.Ó'n chnoc árd ghlas taobh thall de'n loch tá'n t-amharc aoibhinn áluinn,
Na luingis ag teacht ar fairrge ó Dhoire 'steach go Málainn;
Ag siubhal annsin ab'áite liom ó mhaidin go dtí'n oidhche,
'Snach smaointeóchá ar an pheacadh leis na h-uain bheaga óga ag gaoibheal.Ar an taoibh i bhfos tá'n míodún glas ó'n uisge go dtí'n bóthar,
Tá fás gach uile sheóirt annsin 's tighthe deasa comhnuidhe;
Seinnidh an chuach i dtús an tsamhraidh ann ó mhaidin go tráthnóna,
Tá an eala 'gus an fhaoileann, an londubh 's an chorr-mhónadh.'S iomdha maidin shamhraidh a d'éirigh mé in m'óige,
Ag éisteacht leis na h-éanachaibh ag deánamh a gcuid ceóil binn;
Iad ag gol ó thom go tom ag eiteallaigh go ceólmhar,
'S a nguth lán binn ag teacht faoi dhuilleabhair glas na gcrannaibh óga.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Uí Chonáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Donegal