Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Donegal
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 227

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 227

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 227
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire - An Ghealach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ar Leanamhaint
    An Ghealach
    1. Má eirigheann an ghealach úr ós cionn Gleann Tórnán ( i nDún Lúighthe i bparóiste Gaoth Dobhair) ní thig comhartha níos measa fhághail ar an seórt aimsire a bhéas ann le linn na gealaighe sin. Chonnaiceas sin cruthuighthe le seacht mbliana gach am ar eirigh sí ins an áird sin ar an chéad oidhche.
    2. Má tá an ghealach úr i n-a luighe ar a cúl le linn teachta dith an chéad uair droch-chomhartha ar an aimsir é seo.
    3. Má bhíonn an ghealach le feicéal an chéad oidhche a thig an ghealach úr, nó nuair a bhíos áthrú ar an ghealaigh deirtear gur droch-chomhartha é seo.
    4. Áird ar bith eile acht Gleann Tórnán níl locht ar an ghealaigh le h-eirighe ann. Acht is ar an áird thoir teas is mó a bhios meas uirrí le h-eirghe ann.
    5. Nuair atá fáinne ar an ghealaigh comhartha fearthanna.Má tá an fáinne beag i,e. comhgarach do'n ghealaigh comhartha a bhfad ar shiubhal é fá'n doininn: bionn spás 2 lá go 3 lá ann sul a d-tig sí.
    6. Nuair atá an fainne a bhfad ón ghealaigh i.e. fáinne mór leathan atá an stoirm ag teacht comhgarach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ailbhe Ó Conáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Dáithí Mac Seáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Fál Carrach, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Liam Mac Gabhann
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Fál Carrach, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Mághnus Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Chonaill, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Easa, Co. Donegal