Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Donegal
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 248

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 248

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 248
  3. XML “Naomh Pátrúin an Cheantair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is é Naomh Fionán naomh patrún an cheanntair. Tá Ráth Fionáin ar a d-tugtar Ráth Muintire Domhnaigh tuairim ar mhíle go leith soir ó'n Fhálcarrach. Tá roilig ann agus tá sean-bhallóga ann go fóill. Is ins an Roilig seo atá Cros Colmchille. Deirtear gur Naomh Fionán a chur suas an Chros seo, agus tá gach tolas a bhaineas leis an chrois seo le fághail ins an leabhar béaloideasa seo cheana. Bhí an chros seo in a seasamh go d-tí céad go leith bliadhain ó shoin, nuair a leag an stoirm í.
    Ba ghaol do Cholmcille Fionán, agus bhíodh siad i g-cuideachta a chéile go minic. Tá an scéal a bhaineas le h-Eas Fionáin curtha síos agam roimh ré. Bhí mainistear nó teampall ag Naomh Fionán fá Ráithche. Bhíodh sé féin agus a chuid manach ins an áit, agus bhíodh siad ag dul isteach go Toraigh chuig Colmcille go mion minic.
    Tá an roilig annsin go fóill, agus curitear corr-dhuine ann anois agus arís , acht ar na bliadhantaibh deireannacha níor cuireadh mórán corp ann, timcheall ceathrar ins na duisín bliadhantach. Tá ballóga ann de theampall. Tá na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ailbhe Ó Conáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)