Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 251
- XML “An tAonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An t-aonach bhí ins an áit seo fadó coinnigheadh é thíos ag Baile an Easa, timcheall leath-mhíle taobh thiar de'n Fhálcarrach. Bhí punta annsin (a pound) agus is ann a ba ghnáthach leis an aonach a bheith. Timhceall dhá sgór bliadhain ó shoin d'áthruigheadh an t-aonach sior go dtí an Fálcarrach. Ní ins na bailte móra a bhiodh na h-aongaighe uilig fadó. An áit a bhfuil an t-aonach ar an Fálcarrach anois beirtear "Pont an Eallaigh" air, agus i n-amannaibh "Pont an Mhargaidh." Tá balla thart air, agus tá geabhta ag dul isteach ann faoí láthair. Ní rabh an geabhta ann go dtí cupla bliadhan ó shoin. Tá timcheall ceathramha acra de thalamh ins an pont: ní dhíoltar a dhath ann acht eallach. Díoltar eallach de gach cineal ann; acht ní dhioltar an t-eallach uilig ann. Ní bhíonn caiple, muca, banbáin nó caoirigh insan phont. Fuair sé an t-ainm "Pont an Eallaigh " mar gheall ar seo.Gidh go ndíoltar cuid mhór eallaigh ar an aonach téidheann ceannuigheothairí ó thigh go tigh go mion minic roimh gach aonach ag ceannacht stuic. Comhartha é seo go bhfuil ceannacht maith ar stuic san am. Rinneadh an rud céadna fadó, acht tá na h-aontaighe níos mó anois, ná bhí siad san am sin. Tig ceannuigtheóirí as Tearmoinn, Letir Ceanainn, Galloglach, Druim Bolg(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Daithí Mac Seáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Domhnall Mac Fhlaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Liam Mac Gabhann
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Caisleáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Dún Mór, Co. Donegal