School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an Bhean Bhán orm agus mé ag teacht na bhaile as an Dhúnfionnacaidh?"
"Bhal, Chualaidh" arsa mise "Chualaidh me m'athair ag cainnte fa dtaob do, acht níor chualaidh me an dóigh ceart de ariamh."
"Bal" arsa Donnacadh, "Tá me cinnte gur chualaidh tú fa dtaob da an Bhean Bhán. Chonnaic leir daoine i comh maith liomsa, tá an creatúr a bheith le feiceal anois agus arais rith da cheád bhliadhain. Chualaidh tú sgéaltaí fa dtaobh do Mhaolmuire an Bhata Bhuidhe, tá mé cinnte. Droch-fhear ar fad a bhí ann agus nuair a chuir na Sasanaigh an tóir ar amach ar Caisleán na dTuath tháinig sé annseo go Corain Binne agus chuir sé suas an teac mor go bhfuil Stubhairt na chomhnuidhe ann anois. Bhí Maolmuire as bhaile am amhain - bhí sé i mBaile Átha Cliath, no Doire Cholmcille no áit inteacht agus nuair a thainic sé na bhaile ar ais bhí bean dheas álluin leis. Bhí an bhean sin ag dul thart le Maolmuire go chionn cupla mhi acht maidin amháin ni rabh an bhean bhocht a bheith le feiceal, ghidh go rabh sí ann an trathnóna roim-se. Dubhairt na daoine gur mharbhuigh Maolmuire í, acht bhí eagla a gcorp orthú a dhath a rudh ar eagla gur chualaidh Maolmuire e agus sé Carraig an Crochadair a bhfuighfeadh siad annsin.Chuaidh bliadhain thart agus ar an oidhche ceadna a dimthig an creatúr as amharc, bhí fear ag dhul thart ar an bheallach mhór comhgarach leis an Teac Mhór. Do déag a chlóg go déireac a bhí ann ag an am. Bhí deifir ar an fear, no bhí eagla air go bhfaca Maolmuire é.(continues on next page)- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Donnacadh Ó Brógain
- Gender
- Male
- Age
- c. 80