School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 183

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 183

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 183
  3. XML “Na Daoine Gortacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    trathnóna d'fág an buacall an cailín leath-bheallaigh na bhaile - comh fada le h-abhainn a bhí leath-bheallaigh idir an dhá theach. D'imthigh gach duine a mbeallach féin annsin, acht sul a scar siad thug an cailín cuireadh de'n bhuacall a theach le cainnt bheag a dheanamh leití anois agus arais.
    Bhí go maith go cionn míosa no mar sin nuair a thug an buacall ann a cheann tráthnóna deas Dia Domhnaigh amháin go racadh se go bhfeiceadh sé an cailín agus cainnt beag eile a deanamh leithí. Bhí cúig míle aige le siubhail, act bhí aithgiorra an a rinne an bealach míle go leith níos goirride. D'imthigh se ann aithgiorra acht nuair a tháinic sé chomh fada leis an abhainn fuair sé go rabh sé iontach domhain agus ní beadh sé ábalta a shiubhail trásna. Dubhairt me gur fear óg luathmhar gasta a bhí ann agus cha dearn sé a dhath acht thug ruaig amháin agus leim sé an abhainn. D'imthigh sé leis annsin agus níor stad sé go rabh sé ag tigh an chailín. Casadh an cailín air ar an sraid agus thug sí e isteac sa thig. Chuir an t-sean lanamhain failte fuar go leor roimhe. Shuidh sé síos san choirneál agus chainnt siad fa dtaob do suid agus seo. Bhí ocras miltineach ar an fear óg tar eis an shiubal fada a rinne se acht níor chuir duine san teach eist (?) ar an rabh béal aige. Bhí an t-sean lanamhain comh gaoineach sin ní leigfeadh siad an calaín óg braon tae a dheanamh dó. Nuair a bhí an am na luighe corr a bheith an d'eirigh an buachall agus an feár gortach corr a bheith air. D'imthigh sé leis acht nuair a tháinic sé comh fada leis an abhainn ní rabh sé ábalta e a leimnigh bhí sé comh lag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1544: The Man who Got a Night's Lodging
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Domhnall Ua Ghallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    c. 75
    Address
    Doire Fada, Co. Donegal