School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Druim na Rath
- XML Page 202
- XML “Seán Crosach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lamha. Rinne se obair goirridh díobhtha, budh gnathach leis a fhánact amuigh annseo i mBearnas Bheag - (áit idir Leitir Ceannain agus an Dún Fionnacaidh), agus duine ar bith a bhí ag dul fríd an bearnus agus airgead leis ghlacfadh se ua e.Ag an am seo bhí fear na chomhnuide i nDún Fionnachaidh agus bhí leir airgid aige, acht an t-airgead seo i nDoire Colmcille cionnus nach rabh banc ar bith i nDún Fionnachaidh ag an am sin. Bhí dúil ag an fear mór saidhbhir seo teach breág úr a cur suas ach níor mhaith leis a chuid airgid a thabhairt leis as an Doire ar eagla go dtiocfadh Seán Crosach air.Bhí fear oibre ag an fhear shaidhbheir seo, agus lá amháin d'innis sé don fhear oibre caidé bhí ann a cheann le deanamh agus an eagla a bhí air."Na leig a dhath ort" ars' an fear, "beidh an t-airgead agat i gcionn seactmaine," agus thoisigh an bheirt ag cainnt agus ag gaire.Tráthnóna lá ar na mbarach bhí sean-fhear a bheith le feiceal ag dul suas fríd an bearnus. Bhí cuma stifilte air. Bhí sean-eaduigh strocaigh, sean hata, bróga caithte agus féasóg mhór fhada liath air. Bhí bata mór trom na láimh leis fosta. Nuair a bhí sé leath-bheallaig fríd - shuas (?) ag an áit a bhfuil Micí Ua Gallcobair na chomhnuidhe anois - thug sé fa dear go rabh fear eile na shuidhe ar thaobh an bheallaigh mhoír agus a ghearran ag ithte féir giota beag ua. Fear mór láidir a bhí ann agus nuair a chonnaic se an fear as an Dún Fionnachaidh ag teacht d'éirigh sé agus sheas se i lár(continues on next page)
- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Séamus Ó Cholla
- Gender
- Male
- Address
- Béal an Bhearnais, Co. Donegal