School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 228

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 228

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 228
  3. XML “Stair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    siad suas leobhtha ar an tráigh agus go dearn Clann Nimhidh a ndicheall a rith ar shiubhail, agus go rabh an cuid a ba mo acú mharbh ins an ticheadh. Chaithfidh na mílte acú bás a fhaghail ins an ár sin. Cionnus go bhfuil an oiread sin de na gcuid arm a bheith le faghal go foíl, chaithfidh se a bheith níos mó no trí míle bhliadhain on am sin, acht tá na rudaí seo íontach flúirseach ann go foíl.
    Tá eagla ar na daoine tuata a dhul comhgarach leis an Marbhathach ins an oidhche no abrann siad go bhfuil taidhbhsannaí a bheith le fheicheal ann. Daoine ag screadaigh agus ag caoineadh agus torman troid. Fa thuairm cúig no se bhliadhna o shion bhí cupla fear ag teacht abhaile go measadhra mall oidhche amháin, agus b'eigean dobhtha ag teacht trasna an Macaire seo. Nuair a bhí siad leath-bheallaigh trasna chualaidh siad an cainnt ag teacht. Agus an dara bomaite caidé chonnaic siad ag teacht ach airm mór saighdiura. Bhí siad ag dul a pilleadh acht nuair a dhamharc siad thart chonaic siad an sluagh mór eile ag teacht nar ndiadh. Char rabh fhios acú caidé badh comhair dobhtha le deanamh. Bhí árdan beag comhgarach agus rith an bheirt acú suas air.
    Shiubhail an dhá sluagh go gcasadh siad agus thoisigh an troid da reireibh. Fuaim buille, órdughaí, caoineadh, agus screadaigh. Bhí siad a bheith le cloinsteal ar gach taobh. Mhair seo nios mó na uaire agus annsin d'imthigh an dhá shluagh arais. Sé Clann Nimhidh agus na Fomhoraigh a bhí ann, agus deirtear go bhfuil an radharc a bheith le feiceal go minic ar an machaire seo.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir