School: Tamhain (roll number 15679)
- Location:
- Tawin Island, Co. Galway
- Teacher: C. Bean Uí Thréinfhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tamhain
- XML Page 0268
- XML “Cruatan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cheap sí gur daoine fiadhaine a bhí ionnta agus gur ar oileán fiadhain a bhí an soitheach buailte. Chruinnigh siad na mairnéalaigh le chéile agus thosuigh siad ag caint leis na daoine ag sorachaidhthe a bhí ionnta agus ní raibh ag muintir na h-áite céard a bhí siad a' rádh, ach faoi deireadh bhí corr-fhocal Béarla ag an gCaptaon agus dubhairt sé dá dtiofadh na fir níos goire don soitheach go gcaithfeadh siad le gunna iad chuile fhear acu agus taisbeán sé an gunna leobhtha. Deirim-se leat gur gearr a bhí na fir a' dul go barr a' chladaigh. Ní dheacaidh aon fhear i ngar leis an soitheach go ceann dhá lá, ach thóg aon fhear amháin misneach darbh ainm Máirtín Ó Fhathaigh. Chuaidh sé ag caint leis na gCaptaon. D'iarr an Captaon dó an daoine fiadhaine a bhí ina gcomhnuidhe ar an oileán seo. Dubhairt Máirtín Ó Fathaigh gur daoine críostamhla múinte atá 'na gcomhnuidhe ar an oileán, nach gortóchadh siad uan caorach. Tháinig an captaen anoir ag an mbaile agus(continues on next page)
- Informant
- Domhnall Ó Beirn
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tawin Island, Co. Galway