School: Tamhain (roll number 15679)
- Location:
- Tawin Island, Co. Galway
- Teacher: C. Bean Uí Thréinfhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tamhain
- XML Page 0330
- XML “Tá mé ar Muin na Muice”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)í ars an taillúir. Chaith an taillúir a bhrat uirthí agus suas leis fhéin is shuidh sé ar dhruim na muice. Thug sé leis a shiosúr, a mhiosúr agus a chlár a shnátha agus snathaid agus a mhearachán. Thosuigh air ag fuaghail thuas ar dhruim na muice. Ar ball tháinig fear na muice an fear ar goideadh an mhuc uaidh. Chuir sé a cheann isteach sa doras céad míle fáilte romhat ars an tailliúr Go raibh míle maith agat ars an fear cé'n caoi a bhfuil tú a thailliúir? Tá mé an ceart ars an tailliúir Bhfuil tú fhéin mar ba chóir. Tá ars an fear leis. D'innis sé an sgéal do'n tailliúir i dtaobh na muice agus deir sé silim gurb tú fhéin an fear a ghoid í. Tá mé ag tigheacht anois ar a tóir agus caithfidh mé an teach a cuartú. Tá go maith ars fear a tighe is féidir leat. Chuartigh sé an teach tríd síos ach ní fhuair sé aon mhuc. Nuair a bhí an teach cuartighthe aige dubhairt sé le fear a tighe go raibh sé ag cur éagcóra air; nuair a bhí sé ag dul amach an doras. Tá áthas orm(continues on next page)
- Informant
- Micheál Ó Fathaigh
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tawin Island, Co. Galway