School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Page 0095
- XML “An Deachú”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)amach go díreach mar dúbhairt an maor. Chuaidh sé i bhfolach agus tháinig an dáréag inghean go ndeachaidh síad amach ar an loch ag snámh - agus an deachmhaidh uatha amach leí féin; agus í gcaitheamh na h-aimsire a bhíodar ag snámh bhí sí uatha amach mar sin gan leigint daobhta teacht i na goire. Chuaidh sé gur ghoid sé an t-eadach.
Ar ball tháinigheadar amach as an loch agus dheamhan snáithe de'n éadach a bhí le fághail aca. Chonnaiceadar uatha é agus d'impigheadar air an teadach a chaitheamh amach chuca agus chaith. Bhí sé fada go leór go dtáinic an deachmhaidh as an loch agus núair a tháinic ní raibh eadach aici. D'fan sí sgathamh maith gan féachaint le na bhfághail ach sa sa [!] deireadh rinne sí comhartha leis an t-éadach a chaitheamh chuici. Níor chaith.
Tháinic sí níos foisge gur labhair leis. D'innis di gurab 'éard a bhí ann deachmhaidh agus gur ar a tóir a tháinig sé le na fághail le posadh "Is tusa an cead fhear a tháinig chomh fogas domhsa ariamh." ar sise leis "ach ní fheadaim gan a radh nach taithneamhach liom thú mar mothuighim mían ionnam duit anois féin. Ach tá deachmhaidh is fiche ar mo thóir ó'n rí ach déanfaidh mise mo dhichill duitse. Séard a dhéanfas tú anois" ar sise "a dhul agus mé iarraidh ar m'athair agus cébi sort aimsire a chuirfeas sé ort glac é. Agus tiocfaidh mise agat aríst."
Chnap leis annsin go ndeacaidh ag an rí agus gur iarr aimsire air. Sé an aimsir a chuir an rí air ag garradhóireacht. Ghlac an rí spéis(continues on next page)- Collector
- P. Ó Díscín
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Micheál Halliday
- Gender
- Male
- Address
- Dalgin, Co. Galway