School: Baile Locha Riabhach (Clochar)

Location:
Loughrea, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Proinnsias
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0060, Page 0224

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0060, Page 0224

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Locha Riabhach (Clochar)
  2. XML Page 0224
  3. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sín amach do lámh ar d'aghaidh,
    A's chífir an rud nach raibh, nach bhfuil, a's nach mbéidh?
    Comh-fhad na méar
    Comh hárd le balla, chomh bán le bainne,
    Comh dearg le fuil, chomh milis le mil?
    ubhall.
    Cnap saille fá bhun coille, a's gan aon easna ann?
    seilmide
    Gearráinín bobailte donn
    a shiúbhalfadh an domhan
    's nach bhfliughfadh a chos?
    Beach.
    Tá sé i bhfus, tá sé thall,
    tá sé ag Brian ar a chuid,
    tá sé thríd an sáile liat
    's gan é níl blas ar uibh?
    salann.
    Rud bocht, bocht, 's dhá mhaide fá'n a ucht
    's é ag silt na ndeór go frás?
    an fár-doras lá báistíghe.
    Meig, meig, ar an taobh istigh de'n chlaidhe
    Meig, meig, ar an taobh amuigh de'n chlaidhe
    Ní bhainfeadh an meig ar an taobh amuigh de'n chlaidhe?
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Domhnalláin
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Ros Muc, Co. Galway