School: Magh Cuilinn

Location:
Maigh Cuilinn, Co. Galway
Teacher:
Donncha Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 165

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 165

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Magh Cuilinn
  2. XML Page 165
  3. XML “Tobar Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tobar beannúigie.
    Tá chúig tobar beannúighthe i bparóiste Mághchuilinn. Tá cheann i dTuairiné, cheann eile i dTulla Chíadhain, agus cheann i gCílliugúla, cheann i gCorr bhaile agus tá cheann eile fresin súas i gCnocán Raithníghe.
    Tá leigheas lé h-aghaidh súl tínn no le h-aghaidh doightheacha in gach tobar. Tá leigheas lé h-aghaidh an dá cheann í dtobar Cillín i gCorr bhaile. Deirtear go raibh sé ánn in aimsear na lochlannach agus gur líon lochlannach an tobar lé clocha agus cné acht núair a thainich sé arais ní raibh tada san dtobar. Do líon sé arís é acht bé an sgéal céadhna é, nuair a bhí sé gá líonadh an tríomhadh h-úair d'eirigh an t-uisge súas cúpla slat úaid, D'fhág an loclannach mar sin é annsin.
    Bhí dealbh de'n Mhaighdean Mhuire ann úair amháin acht níl ánn anois acht píosa de.
    Bhí bráthair ina a chómnúide in Atha Lúain tímcheall tríochadh blíadhnain ó shoin agus bhí aisling aige faoi an tobar agus séard a dúbhairt an Glór na an tobar a fhágháil amach agus seacht gclocha ó bhun an chrainn daraighe ata ós chionn an tobair a chaitheadh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Tadhg Ó Réagáin
    Gender
    Male
    Address
    Drimcong, Co. Galway
    Informant
    Tomás Ó Bháin
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Garraun, Co. Galway