School: Magh Cuilinn
- Location:
- Maigh Cuilinn, Co. Galway
- Teacher: Donncha Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Magh Cuilinn
- XML Page 207
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá ciste óir i bfolach i dTula Ciadhain. Sé an t-ainm atá ar an áit ná, "Suidheachán." Is minic a tugtar "Cat Suidheachán" ar an áit mar tá cait fiadháine ag tabhairt aire don ór. Tá an áit lán de charraigreacha. Tá an t-ór i bhfolach faoi sgeich.Bhí fear bocht ina chomhnaidhe i dteach bhig san bportach. Chuala sé go raibh ór faoi'n sgeich sin. Chuaidh sé go dtí an sgeach ag ceapadh go bhfuigheadh sé an t-ór. Nuair a shroich sé an sgeach shiubhal sé thart timcheall air ag féachaint cé'n áit a thosóchadh sé 'ghá lorg. Thosuigh sé ar thaobh eicínt ar chuma ar bith. Chuala sé guth ag cainnt. Séard a dubhairt an guth ná "Níl an taobh seo de'n sgeich níos fearr ná an taobh eile." Is cosamhail go raibh níos mó ná ciste amháin ann mar sin. Dubhairt an guth leis freisin, fear áirithe a thabhairt in éinfeacht leis agus gheobhfaidís an t-ór.Ní raibh an fear seo mór leis an bfear ar ainmnigh an guth. Thug sé fear eile leis agus thosuigheadar 'ghá lorg. Sá deireadh fuaireadar bosca. Bhí athas an domhain ortha. Nuair a d'osgladar an bosca(continues on next page)
- Collector
- Maighréad Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Address
- Claídeach, Co. Galway
- Informant
- Cáit Bean Uí Charra
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Baile Uí Chuirc Thoir, Co. Galway