School: Ros Muc
- Location:
- Ros Muc, Co. Galway
- Teacher: Stiofán Ó hOisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ros Muc
- XML Page 331
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ciste óir i bhfolach Tá ciste óir is bhfolach i n-aice le Ros a' Mhíl agus cat dubh dhá chionn agus 'séard atá ann sliogáin maoracha agus tá sé ráidhte go bhfuil go leor óir curtha i dtaisge ann leis na ceadhta bliadhain. Ní leigfeadh an faitchíos do dhuine ar bith a dhul i n-aice leis, le faithcíos gur faoí dhraoidheacht atá sé. Dhá bhrígh sin níor mhaith le duine ar bith lámh a bheith aige ann.Uair amháin dubhairt muinntir na sráide go léir go rachadh siad ag féachaint céard a bhí ann. Chuadar comh fada leis an áit agus rinne siad poll mór isteach san talamh, agus ní raibh siad i bhfad dhá tholladh go bhfaca siad go leor sliogán maoracha ann. Shíleadar go raibh leo, gur ghearr go mbéadh an t-ór aca, ach ní mar síltear a bhíonns.Is gearr gur airigheadar an cat ag sgréachaoil agus sgannruuigheadar go mór agus d'imthigh siad leo, agus ó'n am sin tá faitchíos(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Thighearnaigh
- Gender
- Female
- Address
- Ros Muc, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Cadhla
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Ros Muc, Co. Galway