School: Scoil N. Gobnait (roll number 16281)
- Location:
- Dún Chaoin, Co. Kerry
- Teacher: Muiris Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Gobnait
- XML Page 057
- XML “Eachtra ar Leannán Sí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seán na bPúcaí
Seán Ó Conchúbhair a b'ainm do so. Ó'n Imileach i bparóiste Fionntrágha é. Chaith sé seacht mbliadna dá shaoghal ar an leabaidh. Ní raibh sé ábalta ar shiúbhal ná ar puinn corruighe eile a dheunamh. Is amhlaidh a caithtí é thógaint aniar aiste agus thúbhairt amach sa gharraidhe suidhte ar cathaoir. Aon lá amháin dearamhadach é thabhairt isteach, pé tarrac tríd a bhí ar muinntir an tighe. Ní raibh fios acu faic gur buaileadh istig i lár an tighe é agus é suidhte 'na chathaoir. Níor fhan aon fhocal cainnte ag éinne dá raibh istig, baineadh oiread san de sceit asta agus ó'n lá san amach bhí sé ábalta ar shiúbhal amach agus imtheacht ó thig go tig ar an mbaile, agus chuaidh sé i bhfeabhas ansan agus bhíodh sé ag deunamh leighis agus deireadh sé go mbíonn fios aige.(continues on next page)- Informant
- Nóra Bean Uí Dálaigh
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Address
- Baile an Bhiocáire, Co. Kerry