School: Scoil N. Gobnait (roll number 16281)

Location:
Dún Chaoin, Co. Kerry
Teacher:
Muiris Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 089

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 089

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Gobnait
  2. XML Page 089
  3. XML “Namhadas idir Pharóistí - Bád na nGort nDubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Namhadas idir Pharóistí
    Bád na nGort nDubh (1818)
    Fachta ó:- Labhras Ó Ciabháin (80 bliadhan)
    Baile na Rátha
    Dun Chaoin
    Daingean Uí Chúise
    Tá namhadas le fada riamh idir Dhun Chaoin agus muinntir Pharóiste an Fhirtéaraig agus ní gan chúis é dréir deallraimh. Seo mar thosnuig sé an cheud lá riamh.
    Tháinig athrach reiceálta gan chriú isteach go Cuan a'Chaoil in aice le talamh na bhFirtéarach i bParóiste an Fhirtéaraig sa mbliadhain 1818.
    Chonnaic bád ó Dhún Chaoin í ag teacht ón bhfarraige aniar agus d'aithnigheadar go raibh sí ar léig. Bhí Seán Ó Ciabháin (Croppy) ó Bhaile na Rátha agus Tadhg Ó Séaghdha ó'n Muillean sa bhád pé beirt eile a bhí innte. Leanadar í .i. an raic gur bhuail sí talamh thuaidh ag Cuan a' Chaoil. Chuadar ar bórd. Bhí sí lán de rudaí luachmhara des gach aon t-saghas. Thosnuigheadar ag toghadh is priocadh agus ag líonadh a mbáid. Ní fada mar sin dóibh nuair a tháinig bád ón nGort Dubh ortha.
    Nuair a chonnaiceadar san muinntir Dhún Chaoin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people
        1. factions (~230)
    Language
    Irish
    Informant
    Labhras Ó Ciabháin
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Baile na Rátha Thuaidh, Co. Kerry