School: Scoil N. Gobnait (roll number 16281)
- Location:
- Dún Chaoin, Co. Kerry
- Teacher: Muiris Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Gobnait
- XML Page 087
- XML “Seanscéal - Peaidí Bán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Pádraig Ó Conchúbhair an ainm a bhí air ach tugtar bánaig ar na Conchúbharaig go léir nách mór sa pharóiste seo agus lasmuig dho. Ach go h-áirighthe rugadh Peaidí sa Ghleann Mhór. Tá an áit sí [?] timcheall ceathrú mhíle soir ó Sháipéal Dún Chaoin. Gleann isead é idir trí chnoc.
Sliabh an Fiolair ar taobh, an Mhaoilin thiar thuaidh air, agus Cruach Mhártan thoir thuaidh air. Níl tig ná treab indiumh ann mar nuair a tháinig an gorta luig sé go dóighte ar an mbaile seo i dtreo go raibh na daoine ann á thréigean nuair a fuaireadar an chaoi.
Seumas Bán ab' ainm do athair Pheaidí. Cailleadh idir na bliadhanta 1870 agus 1880 é.(continues on next page)- Informant
- Tomás Ó Dálaigh
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Baile an Ghleanna, Co. Kerry