School: Cillíneach (roll number 12412)

Location:
Killeenagh, Co. Kerry
Teacher:
Dd. Ó Cuill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0427, Page 206

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0427, Page 206

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cillíneach
  2. XML Page 206
  3. XML “An Chéibh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bé an céad duine a chuaidh isteach san chéibh atá ar an dtaobh thíar do thig an Feirmeora ná seana mháthair Pádraig Uí Ceinnéide.
    Seo mar a tharla. Bhi ál sicíní aici i mí na Márta, agus oidhche amháin nuair a bhí sí a dtiomáint isteach do thuit ceann aca isteach san chéibh tre póll éigint a bhí ann. Níor bhac sí a thuille, ach an leac d'árdú agus dul isteach. Bhí sé ana dorcha agus níor bhfeidir leí an sicín d'fhághail agus dubhairt sí os ard,"ó da raibh solas eigin agam". Ba ar eigin a bhí an focal as a beal nuair connaich sí solas ar an dtaobh eile do'n céibh agus bhí fear éigin ann leis. Chuaidh sí fé na dhéin mar ní raibh eagla ar bith uirte agus nuair dfeuc sí isteach 'na aonaithe cé bhí ann ach a fear céile féin a bhí tar éis bás d'faghail tuairim sé nó seacht do bliantaibh roimis sin. Dosgail sí a béal cun labhairt leis ach níor bféidir leí agus ar an nomat d'imitig sé as a radharch ach in a áit bhí corcán té deas agus rud éigin scríobta air.
    Thóg an corcán agus níor bhach sí a thuille le'n sicín.Chuir sí suas insan t-seomra é agus ar a dó a chlog an oidhche sin chuala sí duine éigin in aice na leabtan á rádh,"A Shiobháin,, A Shiobháin, cuir an corcán ins an áit a fuairis é" Níor dhein sí ach é cuir thar n-ais,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Muirchearta
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Caheracruttera, Co. Kerry