School: Cillíneach (roll number 12412)

Location:
Killeenagh, Co. Kerry
Teacher:
Dd. Ó Cuill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0427, Page 204

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0427, Page 204

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cillíneach
  2. XML Page 204
  3. XML “An Corcán Ór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí duine muinteardha lem' sean sean athair 'na comhnaidhe in Oileán Ciarraidhe [Castleisland]. Seán Ó Laoghaire ab' ainm do nó mar a tugtar air an ám sin Seainín na n-ubhall. D'fhág sé Cathair a' Crutaire [Caheracruttera] nuair a bhí sé na garsún óg agus cuir sé fé in Oileán Ciarraidhe. Bhí taidhreamh aig aon oidhche amháin agus do connaic sé muc ór sínte amac fé'n bhfód i gCnocán Ban. Dá mba mhaith leis an muc sin d'fhaghail caithfidh sé dul go dtí an áit sin agus beirt gharsún do muinntir Seaghdha do thógaint in aoinfheacht leis agus raobadh a dhéanamh ar an muc Domhnach eigin nuair a bheadh gach aoinne ag an Aifreann.
    Do thaidhreamh sé an rud ceadhna trí h-oidhcheannta in dhiaidh a céile ach níor cuimhnig sé a thuilleadh air mar níor cuala sé fuamh ar Cnocán Ban agus ní raibh fhios aige cá raibh sé. Le h-imtheacht aimsire d'imthig sé as a aigne ar fad. Timcheall raithe 'na dhiaidh sin thainig Seán go Cathair a Crutaire mar bhí mo shean sean athair cun pósadh. Cé bhí sé 'gá pósadh ach cailín darbh ainm Seaghdha agus deirbsiúir ab eadh í do'n bheirt buacaill a bhí luaidhte cun dul in aoinfheacht leis an lorg na muice.
    An fhaid a bhí sé ann d'innis sé do'n bhean tighe óg i dtaobh an taidhreamh a bhí aige agus bhí sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Muirchearta
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Caheracruttera, Co. Kerry