School: Cillíneach (roll number 12412)
- Location:
- Killeenagh, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Cuill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cillíneach
- XML Page 227
- XML “Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Pingin nó aon píosa airgid do cuir fé'n bun cloc i dtig nua.
Ní ceart ceann do bhearradh Dia Luain nó ní fásfaidh sé arís.
Ní ceart fuil do tharrach Dia Luain.Ní ceart tosnú dul ar scoil Dia Luain;
Ní ceart dul isteach i dtig nua gan rud éigin a thabhairt isteach leat cun an adh do thabhairt.
Ní ceart an céad leanbh a cuir isteach i gcliabhán nua.
Ni ceart dul cun bunoíce d'feiscint gan píosa airgid a cuir in a láimh.
Ní ceart an duine céadhna a bheith ná mathair baiste ar leanbh i mbliain amháin nó ní bheidh a thuille aca ann.
Ní ceart bainne a thabhairt amach Lá Nodlag gan gráinne salainn a cuir isteach ann.
Ní ceart fáinleóg do mharbhú nó tabharfadh na ba fuil in inead bainne.
Is ceart gach scáthán do iompuig taobh thíos nuair a bhíonn tórnacain.
Ní ceart lóisdín oidhche do dhiultaig do aoinne Oidhche Nodlag.
An doras a ragadh tú isteach go dtí tóramh sin é an doras is ceart dul amach.
Ní ceart tóramh d'fágaint in a aonar.
Crú capall do cuir ós ciónn doras na cistineach cun an diabhal do coiméad amach.
Fuil coileach do caitheamh i gceithre cuinní an tighe lá Bealtaine cun an diabhail do coimeád amach.
Ní ceart an cistin d'fhágaint go glan nuair a bheidh tú ag dul a codladh mar tagann na daoine maithe isteach i gcaiteamh na h-oidhche.(continues on next page)