School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí

Location:
Tonreagh Lower, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 335

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 335

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
  2. XML Page 335
  3. XML “Na Lochlannaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ar feadh 300 bliadhan nách mór, bhí na Lochlannaigh ag creachadh 's ag lot na tíre seo: agus ní taise do Chiarraidhe é leis - níor tháinig sí saor ó'n léir scrios san. Tá sé ráidhte imeasg a lán rudaí eile atá sgríbhte i dtaobh na Lochlannach so i gCiarraidhe
    (1) go rabhadar i gCiarraidhe timceall na bliana 810 agus gur dheineadar iarracht ar ghreim do choingbhéail in-aice lé Loch Léin (i gCillairne) acht gur ruaigh muintear Eoghanachta as an dúthaigh sin iad: acht
    (2) go dtáinig na sluaighte 'n-a diaidh sin agus nár fágadar fiú amháin pluais ná uaimh fá thalamh nár chuarduigheadar sa bliain 867.
    (3) gur cabhruigh Corgalach Mac Lachtna (Righ Chiarraidhe). lé iarracht ádhmhar i gcoinnibh Lochlannach agus gur marbhuigheadh a lán díobh.
    (4) go bhfuair muintear Eoghanachta agus na Ciarraidhigh i dteannta a chéile an bhuaidh ar Lochlannaigh sa bl. 915.
    (5) go dtáinig Mathgamhain (Mac Cinnéidigh) go Ciarraidhe 970. agus gur leagadh dúin agus daingin (tá sé ráidhte).
    (6) Gur caitheadh Muircadhach Mac Diarmuda
    (Righ Ciarraidhe Luachra) sa bl. 1003.
    (7) Gur marbhuigheadh Mac Beatha (mac Mhuirceadhach Claen) taoiseach Chiarraidhe Luachra i gCath Cluana Tairbh 1014.
    (8) Gur tháinig Diarmuid OConcubhair agus Tadhg ORuairc adtuaidh chun fogha a thabhairt fé's na Brianaigh ó Thuadhmúmhain. Thángadar chómh fada lé Ciarraidhe Luchra agus do chreachadar an dúthaigh timcheall. Bhriseadar cath in-aice lé Sliabh Mis agus marbuigheadh a lán daoine : annsan d'fhilleadar abhaile
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish