School: Braighde (roll number 11343)

Location:
Bridia, Co. Kerry
Teacher:
Máire C. Ní Chonchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 238

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 238

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Braighde
  2. XML Page 238
  3. XML “Pádraig Ua Dalaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. San t-sean-aimsir do bhí file thiar in Uíbh Ráthach. Padraig Ua Dalaigh a b'ainm dó acht níor glaodhach aoinne riamh san áit air ach Padraig Buidhe. Do bhí dúíl mór aige i gcártaí agus cearbhach maith a beadh é. D'imthigh sé chun faoistine lá acht ní thabharfadh an sagart absolóvo dó gan na cártaí do thabhairt suas. Ní thabhairfeadh Pádraig suas iad acht d'iarr sé aithire na h-imire do thabhairt dó agus béigin don sagart é do thabhairt. Ní raibh lá ráthúil ag Padraig bocht as san amach agus do béigin dó dul ar fuaid na duaithí le mála ag bailiú déirce. Lá dá raibh sé ag taisteal do bhúail duine úasail éigin leis. D'iarr an duine úasail tomant air. So chuir Pádraig buidhe isteach san mhála é agus do cheangal sé beul an mhála le téad agus do chas sé air a dhrom é. Ní raibh sé i bhfad ag siubhal nuair a bhí sé tuirseach go leór dén ualach. "Ó Dia mór linn," arsa Pádraig Buidhe "Dá mbeadh an diabhal ar mo dhrom ní bheadh sé chomh trom is atáir" "An fear direach," arsa an duine san mhála, "mise an diabhal agus ní thiocfad amach a thuille." "Deirim se leat go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheal Ó Séaghdha
    Gender
    Male
    Informant
    Seán Ó Muircheataigh
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Bridia, Co. Kerry