School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
Bhí fear ann fadó agus Donnchadh ab ainm do Chuaidh sé go dtí an aonach lá cun bramach a dhíol. Díol sé an bramach is fuair sé aigead [!] maith air. Tug sé an bramach go dtí an stáithiún. Chuir sé a capall isteach i stábla. Dith sé a dhínnéar is cheannuigh sé na rudaí a bhí ag teastáil uaidh. Bhí sé déanach san tráthnóna nuair dfág sé an cathair agus ní raibh aonne [!] in aoineacht leis. Níor bfada go go [!] dtáinig an bháisteach anuas air is fliuchadh Donncadh go dtí an croiceann. Bhí fear [!] air. "Cad chuighe go gcuireann Dia an bháisteach anuas orm mar seo", ar seisean "agus mé ar an mbóthar". Caitheadh sé dul tré coill go dtí a thig féin. Bhí an oidhche ar tuitim is bhí eagla ag teacht air. Níor bhfada go bhfeaca sé robálaidhe ar thaobh an bhóthair agus gunna aige. Chuir an robálaidhe an gunna le na ghualainn is glaoidh sé air Donnchadh stad agus teacht anuas de'n capall. Bhí a croidhe na bhéal ag Donnchadh ach níor stad sé. Tharraing an robálaidhe an triogar ach níor tháinig aon urcar as an ngunna mar bhí an púdhar fliuch ón mbháistig.(continues on next page)- Collector
- Domhnall Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- New Street, Co. Kerry
- Informant
- Fionán Ó Muircheartaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- New Street, Co. Kerry