School: Oileán Baoi (Dursey) (roll number 13138)
- Location:
- Dursey Island, Co. Cork
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí seana bhean thiar i dtigh Lic a Finne fadó, agus bhí sí na suidhe déanach oidhche Dé Sathairn ag sníomh. Uair éigin i ndiaidh a dó dhéag do bhuail bean isteach chúichi agus tamall na dhiaidh san tháinig bean eile aca agus bhíodar a teacht na nduine is na nduine go raibh
naonbhar aca istig.
''Cíordaimís, cárdaimís,
Slámaimís olann
A's maith an sgruideán ceann bean
a tighe ar ball.''
ar siad léi.
Tháinig eagla ar bhean a' tighe nuair a cualaidh sí an chainnt sin agus do rug sí ar árus a bhí fé'n mbord agus do chuaidh sí go dtí an tobar fé dhéin uisce. Nuair a bhí sí ag an dtobar do labhair an guth léi agus dubhairt an guth - ''Nuair a raghair abhaile anois abair go bhfuil Faill Chuttin go léir tré theine'' Tá Faill Chuttin ar an dtaobh thiar theas de'n oileán beagáinín soir ó Spur. Nuair a tháinig sí isteach leis an uisce do sgread sí amach -
''Tá Fhaill Chuttin go léir tré theine"(continues on next page)- Collector
- N. Ní Dhuinneacha
- Gender
- Female
- Address
- Kilmichael, Co. Cork