School: Oileán Baoi (Dursey) (roll number 13138)
- Location:
- Dursey Island, Co. Cork
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sean-duine thoir i mBaile ’n Calaidh fadó – Dómhnall Pheadair a tugtí air. Bhí seana-chapall aige agus “Rabbin” a thugadh sé air. Bhíodh an capall thoir ar an gcnoc, agus is annamh a bheireadh sé air, ach b’fhéidir uair sa mhí. Nuair a bheireadh sé ar an gcapall théigheadh sé anáirde ar a mhuin agus shiubhlaigheadh an capall abhaile go breágh ciúin go dtí go dtagadh sé go geata a bhí inaice an tighe. Nuair a thagadh sé chómh fada san thugaidh sé aon sweep[?] amháin tímpal agus chuireadh sé de soir fé dhéin an chnuic arís ar cos anáirde.
An lá so áirighte nuair a bhí sé in aice an bhaile, do chas an capall ar a shál go h-obann agus soir fé dhéin na faille leis. B’éigin do Dhómhnall bocht a dhá láimh a chur timcheall ar mhuineál an chapaill nó thuitfeadh sé anuas. Soir an bóthar leis an mbeirt agus a chroidhe ’na bhéal ag Domhnall. Bhuail cúpla iasgaire leis a bhí a teacht abhaile, agus do bhéic sé ortha –(continues on next page)- Collector
- Connchubhar Ó Duinneacha
- Gender
- Male
- Address
- Kilmichael, Co. Cork