School: Oileán Baoi (Dursey) (roll number 13138)

Location:
Dursey Island, Co. Cork
Teacher:
Eoghan Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0274, Page 044

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0274, Page 044

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Oileán Baoi (Dursey)
  2. XML Page 044
  3. XML “Teampall Chill an Mumhan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seo scéal d'innis fear taisdil éigin do sheana Owen Dudley i mBaile 'n Chalaidh fadó - fear bocht siubhail ab eadh é. Bhí sé (an fear siubhail) theas in áit éigin - pé áit a bhfuil Teampall Chill a' Mumhan. Bhí fear in aimsir ag feirmeoir san áit sin agus do fuair sé bás, agus ní raibh fhios aca cén áit ar cheart é chur. Bhíodar istigh ag an tórramh an oidhche seo agus tháinig bean isteach, agus bhí a gúna suas thar a ceann aici. Do shuidh sí ar stól agus níor labhair sí gíog an chéad oidhche. Tháinig sí arís an tarna oidhche, agus do shuidh sí san mball chéadna agus níor labhair aoinne léi mar níor aithin aoinne í. Do labhair sí féin ar deireadh agus seo mar a dubhairt sí:-
    Mo chara thú 'gus mo rún,
    Agus tá glaoidh an choilligh chugham,
    Agus caithfead-sa bheith ar siubhal
    Agus cé bhéarfaidh mo dhritheár chugham,
    Go dtí Teampall Chill a' Mumhan.

    Do bhí fhios ag fear an tighe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Dhuinneacha
    Gender
    Female
    Address
    Kilmichael, Co. Cork